|
Article in other languages:
|
Léiriúchán ag taispeáint an poitéinseal leictreastatach d'iain níotráite (NO3−). Tá níos lú fuinnimh ag na hachair le dath dearg i gcomparáid leo siúd le dath buí orthu.
Is éard is ian (ón tSean Ghreigis "ἰόν" = "rud a théann") ann ná adamh nó móilín a chaill nó a ghnóthaigh fiúsleictreon amháin nó níos mó, agus fágtar an t-adamh nó an móilín luchtaithe dá réir sin. Glaoitear ainian ar ian le lucht diúltach (ian diúltach), nuair atá níos mó leictron ná prótón aige in a núicléas. Os a choinne sin, glaoitear caitian ar ian le lucht deimhneach (ian deimhneach), nuair atá níos lú leictron ná prótón aige in a núicléas. Déantar idirdhealú idir iain aonadamhacha, a bhíonn comhdhéanta d'adamh amháin ( m.sh. Cl -, Na+, Fe2+...) agus na hiain pholadhamhacha ( m.sh. SO42 -, NO3 -...) a bhíonn comhdhéanta de níos mó ná adamh amháin.
DéanmhaíochtDéanmhaíocht ian aonadamhach agus poladmhachIs minic a cumtar iain aonadamhacha agus/nó iain pholadhamhacha nuair a nascann iain eiliminteacha lena chéile, a leithéid agus H+ le móilíní neodracha, nó nuair a gnóthaítear iain eiliminteacha ó mhóilíní neodracha Sampla den tsaghas seo is ea an ian amóiniam NH4+ , a chruthaíonn amóinia NH3 nuair a ghlacann sí prótón, H+. Tá an méid chéanna prótón (H+) agus go bunúsach an chumraíocht chéanna freisin acu, cé go bhfuil prótónuimhireacha difriúla acu. Tá an prótón sa bhreis (H+) agus ní an suimiú nó an dealú leictreon freagracht as an lucht. Tá an t-idirdhealú seo idir leictreon a bhaint ón móilín iomlán tábhachtach i gcórais mhóra mar go hiondúil chruthaítear iain a bhíonn níos seasmhaí le leictreonscealla comhlánaithe. Mar shampla níl NH3+ seasmhach, toisc go bhfuil fiús-sceall neamhiomlán ag timpeallú nítrigin agus de réir sin is ianfhréamh é.
Poitéinseal ianúcháinIainPlasmaFeidhmiúcháinIain dhiúltacha agus Aer-ianaitheoiríIain choitiantaTagairtíNaisc sheachtrachaQuestions for article: |
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.
IHS Europe: Infrared Heating Systems for Home and Business.